Skip to main content
Tá taibheoirí gairmiúla agus neamhghairmiúla mar chuid de léiriú ceoldráma Liceu La Gata Perduda

Tá taibheoirí gairmiúla agus neamhghairmiúla mar chuid de léiriú ceoldráma Liceu La Gata Perduda

Samhlaigh ceolarás, 175 bliain d’aois, pálás lán dáthanna dearga agus óir, veilbhirt agus scátháin, teampall don cheol clasaiceach agus club sóisialta do scothaicme na cathrach.
Samhlaigh lúbra de shráideanna ársa, arda agus cúnga, mar a gcónaíonn daoine as 40 náisiún, lán de chultúir, de cheirdeanna agus de shaol sóisialta éagsúla, ach go n-amharcann daoine ón taobh amuigh orthu faoi dhrochamhras.

Agus ansin samhlaigh gur shocraigh an dá phobal seo, taobh le taobh i lár Barcelona ach bearna ollmhór eatarthu i dtéarmaí cultúir, ar cheoldráma a chomhchruthú—agus ní ceoldráma amháin, ach ceann faoin mbearna eatarthu agus an rún a bhí acu é a líonadh, mar bhearna.

In 2018, chuir an Gran Teatre del Liceu tús le comhrá le Raval, a mhuintir agus cumainn phobail. Lorg sé comhpháirtíochtaí idir a ealaíontóirí agus a cheardaithe féin agus ceardaithe na comharsanachta, ionas go roinnfí próiseas cruthú na ceoldrámaíochta agus go bhfoghlaimeodh an dá thaobh ó scileanna agus ó smaointe na ndaoine eile. Dhear ealaíontóirí áitiúla na póstaeir agus phéinteáil siad an stáitse, agus cuireadh an roinn cultacha le dhá NGO a chuireann oiliúint ar imircigh agus mná leochaileacha i gcúrsaí fuála agus deartha.

San iomlán, ghlac 495 duine agus 78 eagraíocht pobail páirt dhíreach, lena n-áirítear 12 chóir amaitéaracha agus ceithre scoil cheoil.

D’éirigh thar barr le La Gata Perduda (An Cat Caillte). Dearbhú cumhachtach a bhí ann do phobal atá cleachta le díspeagadh ó na meáin chumarsáide, agus chruthaigh sé nuair a chuireann ceoláras stairiúil fáilte roimh dhaoine éagsúla agus roimh bhealaí nua oibre gur féidir leis na torthaí a bheith spreagúil ó taobh na healaíne de agus na daoine céanna a athrú go sóisialta.

Treoraíonn suíomh Gréasáin La Gata Perduda’ thú ar thuras idirghníomhach trí na gnéithe ealaíonta éagsúla den chomhchruthú sa cheoldráma agus na scéalta taobh thiar de dhaoine aonair sa tionscadal agus rannpháirtithe eile. Is féidir leat foghlaim faoi na haonáin áitiúla agus na rannpháirtithe a bhí páirteach, agus an dóigh ar chruthaigh na comhoibrithe seo na gnéithe éagsúla den chomhchruthú san obair.

Tuilleadh sa rannóg seo

SAMP Final Performance thumb
Portugal

Opera Pobail i bPríosún Óige

O Tempo (Somos nós)

Vr visuals 01 thumb
Irlanda

Opera Pobail Réaltacht Fhíorúil iniompartha

Out of the Ordinary

An chéad rannóg eile

Opera a chomhchruthú