Skip to main content
Is eispéireas digiteach lán-tumthach, 360-céim í an saothar. Bíonn tionchar ag idirghníomhaíocht an lucht éisteachta leis an saothar ar na deirí a fheiceann siad.

Is eispéireas digiteach lán-tumthach, 360-céim í an saothar. Bíonn tionchar ag idirghníomhaíocht an lucht éisteachta leis an saothar ar na deirí a fheiceann siad.

Bíonn ceoldrámaíocht ag brath ar fhuaimíocht agus acmhainní amharclann Lyric, mar sin an féidir léí a bheith beo lasmuigh d'fhoirgnimh dá leithéid? In Éirinn ar fad, níl ach trí amharclann in ann léiriú ceoldrámaíocht iomlán a dhéanamh. Ní mór do dhaoine nach bhfuil cónaí orthu in aice le Baile Átha Cliath, Béal Feirste nó Corcaigh taitneamh a bhaint as ceoldrámaí trí thaifeadtaí nó ceolchoirmeacha aireagail. Dá luachmhaire iad, ní hionann iad agus an tumadh a bhíonn ann agus tú ag ceoldráma.

Is comhlacht ceoldrámaíochta óg é Compántas Náisiúnta Ceoldrámaíochta na hÉireann (INO) ach tá cáil air cheana féin as na meáin nua a úsáid chun nuálaíocht a dhéanamh sa cheoldrámaíocht. Bhí foireann an INO ag iarraidh a fháil amach an bhféadfadh réaltacht fhíorúil (VR) cabhrú leo ceoldráma a thabhairt chuig áiteanna nua agus lucht féachana nua. Rinneadh iarrachtaí roimhe seo ceoldrámaí a chruthú i VR, ach ní i bpróiseas comhchruthaithe le healaíontóirí neamhghairmiúla.

Mar sin, le maidir le Traction, d’oibrigh INO le daoine in áiteanna éagsúla in Éirinn—daoine fásta i dTamhlacht (gar do Bhaile Átha Cliath), cainteoirí Gaeilge in Inis Meáin (ceann d’Oileáin Árann ar an gcósta thiar), agus daoine óga ó lár na tuaithe in Éirinn.

Is é Out of the Ordinary/As an nGnách an chéad cheoldráma pobail ar domhan i réaltacht fhíorúil, agus socrú iniompartha ag dul ar camchuairt ar fud na hÉireann — agus níos faide i gcéin — in 2022 agus 2023. Tarraingíonn sé an oiread céanna ar shaol nua na bhfíschluichí agus a tharraingíonn seancheann na ceoldrámaíochta. Trí chluasáin VR, bíonn eispéireas atá chomh tumtha go cumhachtach ag an lucht féachana agus a bhíonn ceoldrámaí traidisiúnta ach is beag duine againn a raibh eispéireas mar seo againn riamh, eispéireas aonárach, draíochtúil agus go hiomlán comhaimseartha.

Ní féidir linn a rá go dtuigeann muid acmhainneacht VR sa cheoldráma go fóill, agus ní thaitneoidh sé le gach duine an t-am go léir, ach osclaíonn an ceoldráma VR seo an doras ar shaibhreas smaointe nua agus bealaí nua le ceoldrámaí a chomhchruthú san 21ú haois.

Tuilleadh sa rannóg seo

Performance 01 thumb
Barcelona

An próiseas comhchruthaitheachta

La Gata Perduda

SAMP Final Performance thumb
Portugal

Opera Pobail i bPríosún Óige

O Tempo (Somos nós)

An chéad rannóg eile

Opera a chomhchruthú