Tá todhchaí opera ionchuimsitheach

Éiríonn leis an gcultúr nuair a bhíonn aird ag daoine air. Bíonn aird acu air mar go spreagann an cultúr taitneamh, mistéir agus mothúcháin. Labhraíonn sé leo.
An bhfuil sé sin fíor fós maidir le ceoldrámaíocht? Is breá le roinnt daoine ceoldrámaíocht, ach ní smaoiníonn go leor daoine uirthi. Is cosúil gur seanaimseartha agus coimhthíoch leo na scéalta, an stíl agus an teanga; b'fhéidir go measann siad go bhfuil sé costasach agus nach bhfuil fáilte rompu. Is bunchloch de chultúr na hEorpa í an cheoldrámaíocht go fóill, ach is furasta neamhaird a dhéanamh ar bhunchloch.. Ní gá go mbeadh sé mar seo.
Tá an cheoldrámaíocht – drámaíocht a cheoltar – ag athrú ón lá a cumadh í.
Go deimhin, tá an cumadh ina croí-uirlisí agus ceolfhoirne nua, scéalta nua agus aeistéitic, bealaí nua físiúla. Bhí an cheoldrámaíocht ar thús cadhnaíochta i gcónaí sa chruthú, cé go ndéanann sí dearmad uaireanta air sin agus í compordach ag an meánaois.
Tá an Eoraip sa lá atá inniu ann ag aithint na heagsúlachta stairiúla a bhaineann léi, éagsúlacht atá ag méadú. Ní mhaireann nó ní oibríonn daoine ar nós a seantuismitheoirí – ní smaoiníonn siad ar nós a seantuismitheoirí. Tagann an teicneolaíocht dhigiteach go nádúrtha leo.
Is féidir leis an gceoldrámaíocht labhairt leo, ní mór di labhairt leo, agus ciallaíonn sé sin athrú fosta, spiorad sin na cumadóireachta atá mar thinfeadh ag an ealaíon a aimsiú in athuair. Is ansin a bheidh aird ag gach duine ar an gceoldrámaíocht.